Is achomharcóir mé. Ba mhaith liom tús a chur leis an achomharc seo a leanas:
An Nuacht is Déanaí
Tuarascáil Bhliantúil an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta 2025
Chuir Cathaoirleach an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta Tuarascáil Bhliantúil 2025 ar ghníomhaíochtaí an Bhinse faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Baile […]
Nóta Nuashonraithe maidir le Cleachtas Riaracháin
Tá an Binse tar éis a nóta maidir le Cleachtas Riaracháin (APN) a nuashonrú le héifeacht ón 27 Feabhra 2026.
Léiríonn an APN nuashonraithe na hathruithe maidir le fógra a thabhairt faoi éisteachtaí achomhairc […]
Ráitis Straitéise
Tabhair faoi deara le do thoil:
Tugann an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2026 éifeacht do bhearta Chomhaontú Imirce agus Tearmainn an AE.
Bunaíodh comhlacht Stáit nua, an Binse um Achomhairc Tearmainn agus um Fhilleadh (TARA), an 12 Meitheamh 2026 chun achomhairc faoin Acht 2026 a mheas.
Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an 12 Meitheamh 2026 nó dá éis, agus má fuair tú cinneadh céadchéime, déan teagmháil le TARA más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.
Leanfaidh an Binse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAT) de bheith ag oibriú agus ag próiseáil achomhairc faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 (arna leasú) atá ann cheana féin, i.e. na hachomhairc sin a bhaineann le hiarratais a rinneadh chuig an Aire/Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta roimh an 12 Meitheamh 2026.
Tabhair faoi deara nach bhfaighidh an IPAT aon ríomhphoist ná comhfhreagras a sheoltar chuig an TARA. Agus tú ag comhfhreagras leis an IPAT, déan cinnte go bhfuil an seoladh/seoladh ríomhphoist ceart á úsáid agat.