Achomharc i gcoinne moladh go ndiúltófaí toiliú le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh ('Achomhairc Neamh-inghlacthachta')
Féadfaidh Oifigeach Cosanta Idirnáisiúnta a mholadh go measfaidh an tAire Dlí agus Cirt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta "neamh-inghlactha" de bhun alt 21 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.
Faoin Acht, tá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta neamh-inghlactha i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na himthosca seo a leanas maidir le duine atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta in Éirinn:
Ciallaíonn 'céad tír tearmainn don duine' go bhfuil siad aitheanta sa tír sin mar theifeach agus gur féidir leo leas a bhaint as an gcosaint sin fós, nó go bhfuil dóthain cosanta acu sa tír sin ar shlí eile, lena n-áirítear tairbhe a bhaint as prionsabal an neamh-athraonta, agus ligfear isteach sa tír sin arís iad.
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta i gcoinne mholadh ó Oifigeach Cosanta Idirnáisiúnta go measfaí nach bhfuil a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta neamh-inghlactha.
Tá an teorainn ama ina bhfuil achomharc gearr. Ní mór achomharc a thaisceadh leis an mBinse laistigh de 10 lá oibre ó fhógra an mholta dhiúltaigh. (Rialacháin 3(a) de na Rialacháin um an Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 (Nósanna Imeachta agus Tréimhsí le haghaidh Achomhairc), 2017).
Cinntear na hachomhairc seo gan éisteacht ó bhéal. Tá cúnamh dlíthiúil ar fáil do na hachomhairc seo; tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ar ár leathanach Conas Achomharc a dhéanamh.