Is féidir tuilleadh eolais ghaolmhar a leanúint, ach is féidir na foirmeacha comhlánaithe nó na ceisteanna don Aonad um Shaoráil Faisnéise a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected].
Foilseacháin SF
Éilíonn Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí SF an oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte inrochtana ar ghnáthbhonn lasmuigh de FOI, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar atá leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht. Ceadaíonn sé seo taifid a fhoilsiú nó a thabhairt lasmuigh d'SF ar choinníoll nach bhfuil cosc ar fhoilsiú nó ar thabhairt rochtana den sórt sin de réir dlí. Gealltar sa scéim go gcuirfidh comhlachtaí SF eolas ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.
Murar féidir an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil ar ár suíomh gréasáin, b'fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh:
An Binse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta
6/7 Sráid Hanover Thoir
Baile Átha Cliath
D02 W320
Éire.
Saorghlao: 1800 201 458
Ríomhphost: [email protected]