Comhlíonann an Binse Achomhairc Idirnáisiúnta Cosanta na Rialacháin maidir le hFaisnéis san Earnáil Phoiblí a Athúsáid (I.R. Uimh. 279 de 2005) agus molaimid athúsáid a bhaint as an bhfaisnéis a tháirgimid.
Is í an fhaisnéis go léir atá le feiceáil ar ár suíomh gréasáin cóipcheart an Bhinse Achomhairc Idirnáisiúnta um Chosaint mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid.
Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craolachán agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin. Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú:
Ní mór údarú chun aon ábhar a atáirgeadh ar an láithreán gréasáin a d'fhéadfadh a bheith ina chóipcheart ag tríú páirtí a fháil ón sealbhóir cóipchirt lena mbaineann.
Níl an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráid. Ní údaraíonn an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige chun a chuid faisnéise a athúsáid.
Tá an t-eolas atá á chothabháil ag an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe ar an suíomh gréasáin seo mionsonraithe ar an treochlár.