D'fhonn cinnteacht a sholáthar d'achomharcóirí agus dá n-ionadaithe dlí maidir le héisteachtaí ó bhéal os comhair an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, tá cinneadh déanta ag an mBinse go mbeidh gach éisteacht ó bhéal atá sceidealta don chuid eile de mhí an Mheithimh agus do mhíonna Iúil agus Lúnasa 2021 ar siúl ar líne anois trí nasc closfhíseáin (A/V).
Beidh measúnú riosca ó Bhainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta na Roinne Dlí agus Cirt ar siúl roimh dheireadh mhí Lúnasa agus cuirfear páirtithe ar an eolas ag an bpointe sin an mbeifear in ann tuairisceán nó filleadh páirteach ar éisteachtaí ar an láthair a dhéanamh i mí Mheán Fómhair agus ar aghaidh.