Tá áthas orm an chéad imleabhar den mhéid a bheidh ina fhoilseachán bliantúil de 'Achoimre ar bhreithiúnais Chúirteanna Uachtaracha na hÉireann a bhaineann le cinntí an Bhinse Achomhairc Idirnáisiúnta Cosanta' a chur i láthair, ar féidir teacht orthu anseo.
Tá an achoimre seo ina cuid de Thuarascáil Bhliantúil an Bhinse cheana féin do na blianta 2018, 2019 agus 2020 agus tugtar achoimrí ar bhreithiúnais Chúirteanna Uachtaracha na hÉireann do Chomhaltaí an Bhinse ar bhonn rialta ionas gur féidir ceachtanna tábhachtacha ón mbreithiúnas sin a fhoghlaim agus a úsáid d'fhonn cáilíocht chinnteoireacht an Bhinse a fheabhsú tuilleadh.
An mhonatóireacht leanúnach ar bhreithiúnais ábhartha ó Ardchúirteanna na hÉireann agus ar ndóigh freisin ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) a bhaineann le fothaí cosanta idirnáisiúnta araon i bpróiseas dearbhaithe cáilíochta an Bhinse faoi cheannas an Leas-Chathaoirligh John Stanley, arb é údar na hachoimre seo é, agus isteach in oiliúint leanúnach Chomhaltaí an Bhinse atá faoi stiúir Cheann Oiliúna an Bhinse, an Leas-Chathaoirleach Cindy Carroll.
Téann mo bhuíochas le Cindy Carroll agus John Stanley araon as an obair iontach atá déanta acu agus tá súil agam go gcruthóidh an achoimre seo chomh húsáideach céanna do chleachtóirí dlí agus do dhaoine eile a bhfuil suim acu i réimse an dlí cosanta idirnáisiúnta agus atá sé don Bhinse ina chinnteoireacht.
Hilkka Becker
Cathaoirleach
An Binse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta