Tá Treoirlíne nua maidir le Tuarascálacha Dlí-Leighis eisithe ag Cathaoirleach an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta. Tá sé beartaithe leis an Treoirlíne seo forlíonadh a dhéanamh ar an Acht agus na Rialacháin agus ní chun iad a chur ina n-áit. I gcás coinbhleachta, beidh tosaíocht ag forálacha an Achta nó an Rialacháin ábhartha ar an Treoirlíne seo. Cuirtear an Treoirlíne seo in ionad Threoirlíne Uimh. 2017/6 an Chathaoirligh maidir le “Tuarascálacha Dlí-Leighis” an 20 Aibreán 2017. Eisítear an Treoirlíne seo de bhun Alt 63(2) den Acht.
Baineann an Treoirlíne seo le gach achomharc a chinnfidh an Binse agus tá sí bunaithe go príomha ar Phrótacal Iostanbúl , ar ‘Lámhleabhar maidir le Nósanna Imeachta agus Critéir chun Stádas Dídeanaí a Chinneadh agus ar Threoirlínte maidir le Cosaint Idirnáisiúnta’ de chuid UNHCR, ar ‘Threoirlínte maidir leis an gCur Chuige Breithiúnach i leith Fianaise Leighis Shaineolaithe’ de chuid Chumann Idirnáisiúnta na mBreithiúna um Dhídeanaithe, ar Anailís Bhreithiúnach EUAA ar ‘Measúnú fianaise agus inchreidteachta i gcomhthéacs an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn’, ar Thuarascáil Mhapála EUAA ar ‘Íospartaigh Céastóireachta – Aitheantas, tacaíocht agus scrúdú éileamh’, ar chásdlí, agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.